Ó An Barr Buaḋ, 12 Aibreán, 1912.

Na fíor-Ġaeil .i. na Gaeilgeoirí, a ṁúscailt as a dtrom-ċodlaḋ agus a meallaḋ isteaċ i bpolaitíoċt na hÉireann.

Cúrsaí polaitíoċa a ġaelú ó ḃun go barr.

Soiscéal Saoirse na hÉireann a ċraoḃscaoileaḋ le teann gníṁ agus cainte.

A ċur ina luí ar Ġaeil gur leo an ċríoċ so, Éire, agus gur fiú troid ar a son.

A ṫeaspáint go ḃfuil dream beag Gael fós naċ ḃfuil ceannaiṫe ag ór Ṡeáin Ḃuí.

An “moḋ díreaċ” a ṁolaḋ do Ġaeil, go mórṁór le urċar a ċaiṫeaṁ.

An t-iontas agus an scéal náireaċ so a inseaċt go forleaṫan ar fad Inis Fódla: naċ ḃfuil aon ċine faoi luí na gréine inniu is lú eolas ar conas iad féin a ċosaint ar aon naṁaid dá dtagann ná Gaeil Éireann.

Dá ḃíṫin sin gur ceart do gaċ Gael atá ina Ġael airm éigin a ġaḃáil ċuige, agus é féin a ullṁú faoi ċoṁair lá an ċaṫa. Ní hé lá na gaoiṫe lá na scolb.

Buíon ḃeag Gael a ḃeiṫ i mbun na hoibre sin go mbeiḋ orṫu gaċ eolas a ṡoláṫar i dtaoḃ na niṫe sin ṫuas; agus an t-eolas sin a scaipeaḋ de réir mar a ḃeas sé ag teastáil ó ḃuíonta eile.

An obair sin uile a ḋéanaṁ os coṁair an tsaoil, agus gan aon ní a ċeilt ar Ġaeil, mar naċ eol dúinn gur náir dúinn an obair sin.

Le scéal gearr a ḋéanaṁ de, is é rún an ċumainn seo ‘a ċúnaṁ a ṫaḃairt ċun saoirse Ġael a ḃaint amaċ ar ais nó ar éigin’.

Beannaċt Dé ar an obair, sin í mo ġuí.

ÉAMONN CEANNT.