• Éamonn Ceannt
  • An Barr Buaḋ
  • Bealtaine 25, 1912

Bím-se im’ ṡuiḋe ar feaḋ an lae. Ní haṁlaiḋ bím diaṁaoin ná leisceaṁail. Ní heaḋ, go deiṁin. Bíonn mo ċuid oibre ḋá déanaṁ agam. Bíonn litreaċa ḋá scríoḃaḋ agam; bíonn cúnntaisí ḋá scrúduġaḋ agam; bíonn airgead ḋá ċoiṁreaṁ agam. Níl mórán de’n obair sin naċ féidir a ḋeanaṁ gan suiḋe síos. Fear le scríoḃaḋ is eaḋ mé. Ní raiḃ meas riaṁ ar an fear le scríoḃaḋ agus ní ḃéiḋ go bráṫ aċt oiread agus tá ar an táilliúir. Níl meas agam ar mo ġnó. Ní obair fir ḃeiṫ ag scríoḃaḋ agus ag síor-scríoḃaḋ. Ní féidir corruiġe as an oifig, ar ḟaitċíos go dtiocfaḋ coisteméara isteaċ. Ní téidir scairt gáiriḋe do ċur uait ar ḟaitċíos go scannróċaḋ an coisteméara céadna. Duine cóir ciúin is eaḋ an cléireaċ, an fear le scríoḃaḋ. Aċt ní fear é. Níl aon dul uaiḋ sin.

Is dual do’n ḃfear obair fir do ṫarraing ċuige agus í do ḋéanaṁ mar do ḋéanfaḋ fear. Ní dual dó a ċeann do ċromaḋ nó a ċroiḋe do ḃriseaḋ le scláḃaiḋeaċt de’n tsórt so. Féaċ ar an sean-ċléireaċ agus cad ċífeas tú aċt duine caiṫte críonna cam-ṡlinneánaċ; gruaig liaṫ air; spéacláirí ar a ṡróin, peann le n-a ċluais; gan misneaċ ina ċroiḋe ná gáiriḋe ar a ḃéal.

Ná bí ag súil le mórán ó’n ḃfear le scríoḃaḋ. Is mó mo ṁuinġin as an gceardaiḋe ná as fiċe fear le scríoḃaḋ. Tá meas ar an gceardaiḋe; tá meas aige féin ar a ċuid oibre; tá cion aige ar a ċuid oibre agus ar gaċ a mbaineann léi. Ní aṁlaiḋ caiṫeas sé a ṡaoġal ar an mball céadna. Ċíonn sé a ḃfuil le feicsin; gaḃann sé ó áit go hait agus ó ḃaile go baile. Ċoṁ ḟad is bíonn cúpla scilling ina ṗóca bíonn gáiriḋe ar a ḃéal, bíonn misneaċ ina ċroiḋe, bíonn gráḋ aige dá ċoṁluadar.

Ní mar sin do’n gcléireaċ boċt. Níl ceird ná cumann aige. Níl aon dul ar aġaiḋ ann. Ní ḋéanann sé aon ní as a stuaim ḟéin mar ḋéanas an ceardaiḋe. Ní ḋéanann sé aċt cóir do ċur ar obair na gceardaiḋe. Ní ḋéanann sé féin aon obair gur fiú obair do ṫaḃairt air. Caiṫeann sé a ṡaoġal agus a ṡláinte ag saoṫruġaḋ a ċuid idir ceiṫre ballaí na hoifige.

Ní ṡéideann an ġaoṫ ḋó. Ní riṫeann an t-uisce ḋó. Ní scairteann an ġrian dó. Ċíonn sé scaile na gréine taoḃ amuiġ ar an tsráid. Ní ceadṁaċ dó dul ag féaċaint amaċ an dorus. Cléireaċ, fear le scríoḃaḋ is eaḋ é. Ní ḃaineann aon ní eile leis aċt a ṗeann is a ḃuidéal duḃaiġ is a leaḃar.

Ní túisce tuaireas fios ar an méid sin ioná ċuireas roṁan an scéal do leiġeas. Sílim gur éiriġ liom. Sílim naċ mbéiḋ mé ċoṁ dúr doineannta feasta is ḃíos an cléireaċ boċt de ġnáṫ. Éiriġim go moc. Amaċ liom ins na garrḋantaiḃ, áit a gcaiṫim cúpla uair an ċluig gaċ maidin ag cur is ag baint; ag cur gaċ aon tsaġas síolta idir tonapaí, meacna bána, fataí, cabáiste, celerí, spinis, agus eile. Ag tanaḋ agus ag glanaḋ de réir mar ṫeastuiġeas tanaḋ nó glanaḋ ó na barrantaiḃ. Anois tá na fataí os cionn talṁan. Is gearr go mbéad ḋá lánaḋ sin. Ní ṫainig an duḃċan orṫa, aċt ṫáinig an sioc agus ċoingḃiġ an sioc siar go maiṫ iad.

Seaċtṁain ó ṡoin bí na croinnte fá ḃláṫ. Tá an bláṫ imṫiġte fá’n am so. Tá an toraḋ le feicsin go soiléir anois.

Tá paiste beag le roṁar anois agam. Leaṫuiġ mé an t-aoileaċ ar an talaṁ ar dtús, agus roṁróċaiḋ mé iar sin é.


Cad ċuige an cáinnt sin go léir? Ċuige so: nár ṁisde do gaċ aon ḟear óg é féin do láidriuġaḋ i gcóir lae an ċaṫa. Tá meaṫaḋ ag teaċt ar ḟearaiḃ Inse Fáil. Tá go leor aca meaṫta ċeana féin. Seaċain ṫú féin, a ḟir óig. Má’s duine de luċt suiḋte síos ṫú, seaċain ṫú féin. Bí láidir id’ aigne. Bí láidir i do ḃallaiḃ. Muna dtaiṫniġeann garradóireaċt leat ceannuiġ camán agus amaċ leat ar ṁacaire an ḃáire: nó gearr maide droiġin duit féin agus suas leat ṫar ḋruim na sléiḃte, áit a ḃfuiġiḋ tú bolaḋ cúṁarṫa ḃláiṫ ḃáin an sceiċ na laeṫeannta so.

Má’s maiṫ leat ḃeiṫ buan ól fuar agus te. Ma’s maiṫ leis na Ġaeḋealaiḃ ḃeiṫ buan ina ndúṫaiġ féin, bíoḋ siad láidir sláinteaṁail.