An Claiḋeaṁ Soluis, 7 Lúnasa, 1915

Diardaoin an tríoṁaḋ lá de’n Árdḟeis d’eiriġ an Craoiḃín as an uaċtaránaċt. Maidin an lae sin léiġ Pádraig Ó Dálaiġ an litir seo síos os coṁair na hÁrdḟeise.

Á Ṗádraig, a ċara―Abair leis an Árdḟeis, má sé do ṫoil é, go ḃfuil brón mór orm faoi, aċt má ḃíonn aon duine cineálta go leor m’ainmse do ċur os coṁair na hÁrdḟeise mar Uaċtarán arís, is éigin daṁ an onóir sin do ḋiúltaḋ.

Do ġoill obair na mbliaḋnta atá caiṫte ar mo ṡláinte, agus is é mo ḃaraṁail anois go ḃfuil an cúram ag éirġe ro-ṫrom daṁ.

Bíonn na céadta agus na mílte litreaċa agam ó gaċ áird san doṁan ag bruġaḋ isteaċ orm ó ṡeaċtṁain go seaċtṁain ar feaḋ na bliaḋna, agus ċoṁ fada agus bím im’ Uaċtarán ar Ċonnraḋ na Gaeḋilge bíonn ceangail orm na litreaċa so d’ḟreagairt agus mórán de ċeisteannaiḃ éagsaṁla d’ḟuasgailt. Agus is féidir liom a ráḋ naċ ḃfuaireas litir ó éinne riaṁ ó cuireaḋ an Connraḋ ar bun nár ċuireas freagra uirri.

Ḃíod orm, mar Uaċtarán, dul go dtí cruinniġṫe ing gaċ condae i nÉirinn nác mór. Is beag baile mór san tír nár laḃair mé ann i riṫ an dá ḃliaḋain ḟiċead so.

Agus nuair ḟéaċaim siar ar an meid atá déanta ins an dá ḃliaḋain ḟiċead sin ċíḋtear ḋam nác luġa ná míorḃail é, agus tá mé níos cinnte indiu ná mar ḃí me riaṁ go raiḃ láṁ Dé ins an obair.

Do rinne mé mo ḋiṫċioll i riṫ an ama so ar son ár dteangan.

Ní gan brón agus briseaḋ croiḋe do ṡocruiġeas im aigne náċ dtiucfaḋ liom fanaṁaint im’ Uaċtarán ar an gConnraḋ níos fuide. Fágaim mo ċéad slán agus mo ḃeannaċt le muinntir na hÁrdḟeise, agus ní gáḋ ḋam a ráḋ go ḃfuil agus go mbeiḋ mo ċroiḋe i n-obair na Gaeḋilge mar do ḃí an ċéad lá riaṁ agus go ndéanfaiḋ mé mo ḋiṫċioll ar a son.―Mise, do ċara,

AN CRAOIḂÍN.

Gaḃ mo leiṫsgéal leis an Árdḟeis fá ġan ḃeiṫ i láṫair indiu.