An Craoiḃín Aoiḃinn do Sgríoḃ

Ná bíoḋ droċ-ṁeisneaċ go deó
Ag síor-ċur an ċeó ar ḃur gcroiḋe
Agus siḃ-se ag smuaíneaḋ ’s ag ráḋ,
Go ḃfuil Éire ḃoċt cráiḋte gan ḃríġ.

Atámaoid ag fanaṁaint le fad,
Ag gol gan stad a’s ag caoi,
Ag súil go dtiucfaiḋ an lá
Ḋíbeóras an cráḋ so ḋínn,
A’s go dtiucfaiḋ go goirid an Ḟiann,
An ḃuiḋean nár ġéill do’n Aois,
Agus fásfaiḋ an crann ḃí críon
Fá ḃláṫ agus sgéiṁ arís.
Is goirid go tiucfaiḋ an Ḟiann.

Cad é an dorċadus so ar an spéir? Cad é an duiḃe seo ar an ngréin? Cad é an smúid seó os ár gcionn, ag baint dínn soluis an laé, agus ag ár dtaċtaḋ, tá sí ċoṁ trom sin? Feuċ an néall duḃ ag leaṫnuġaḋ agus ag síor-leaṫnuġaḋ, feuċ é ag cur amaċ ḋá sgiaṫán dé feín mar ṗreáċán mór, ó ṫaoiḃ go taoiḃ na spéire. Cad é? Agus feuċ na daoine ag dorus a dtiġṫeaḋ ag dearcaḋ suas air agus ag osnaoil. Cad fáṫ ḃfuilid ag tarraing a n-anála coṁ trom sin, aṁail agus dá mbeiṫdís d’á múċaḋ. Cad fáṫ a ḃféaċann siad ċoṁ bán ⁊ ċoṁ mí-líṫeaċ sin, mar ḋaoine do ċaill gaċ meisneaċ do ḃí aca, mar ḋaoine atá ag fanaṁaint leis an ḃfairrge d’ eíriġe os a gcionn, nó leis na sleíḃtiḃ do ṫuitim ’na mullaċ? Cad é an sórt spéire í sin, cad é an tír í seó, cia h-iad na daoine?

Óra! a ċaraid mo ċroiḋe, innseóċaiḋ mise sin duit. Ar ṫalam geal na h-Éireann atá tú i d’ ṡeasaṁ, agus sin spéir na h-Éireann os do ċionn, agus sin muinntir na h-Éireann atá ag dorus na dtiġṫeaḋ.

Aċt cad do ḃeir orra féaċaint mar sin, cad fáṫ ḃfuil siad d’á múċaḋ agus da dtaċtaḋ ag rud éigin naċ léir ḋóiḃ, agus cad é an néall áiḋḃéal duḃ sin os a gcionn?

Is é an néall do ċíḋ tú atá d’á múċaḋ, tá siad taċtṫa ag an aér ó’n néall sin. Aṁail preáċán mór duḃ, atá an néall sin agus a ḋá sgiaṫán sínte amaċ aige eidir sinn ⁊ solus na gréine beannuiġṫe agus é ag séideaḋ neiṁe as a ġob, ag baint a n-aigne agus a meisniġ de na daoiniḃ agus ag cur ceó agus fuaċta ar a gcroiḋe.

Cia h-é an draoiḋeaċta tug cúṁaċt do’n ṗréaċán an níḋ sin do ḋéanaṁ?

Innseóċaiḋ mé sin duit. Sin spiorad na Sacsanaċ, sin an Béarlaċas. Tá an ġrian múċta aige, tá an spéir fuaraiġṫe aige, tá an solus díbirte aige, ⁊ is é do sgap an ceó agus an tsioc ar ċroiḋṫiḃ na ndaoine boċt atá indiú ar ṫalaṁ ḟód-ġlas na h-Éireann. Do ḃí uair, ann, agus do lonnruiġ an ġrian ċoṁ geal agus ċoṁ teiġ, os cionn na tíre seó agus do lonnruiġ sí os cionn aon tíre dá’r ṗóg sí ariaṁ. Do ḃí uair, ann, a raiḃ an spéir seo ċoṁ glan agus ċoṁ geal sin agus ḃain sí gáir lúṫġáire as na daoiniḃ le teann-áṫas iad do ḃeiṫ beó fúiṫi. Do ḃí uair, ann, a raiḃ meisneaċ agus mórṁeanma, aigeantaċt agus árd-inntleaċt in sna daoiniḃ sin, atá anois ċoṁ truaiġṁéileaċ agus ċoṁ lagḃríġeaċ sin. Ṫáinig aṫruġaḋ orra agus feuċ anois.

Agus innsim duit an ḟírinne munar h-innseaḋ ḋuit riaṁ go dtí seó í. Tá an bóġa déanta ċeana a gcuirfeas mac máṫar éigin urċar, leis, tríd an bpréaċán úr-ġránna neiṁneaċ do rinne an díoġḃáil sin agus do ḃain dínn teas na gréine.

Adeirim leat go ḃfeicim an lá ag teaċt, nuair ḃéideas ruaig ar an dá sgiaṫán duḃ sin, ⁊ tógfaiḋ na daoine atá leaṫ-ṁarḃ agus leaṫ-ṁúċta, a gcinn arís, agus mórán aca do ṫeiċ go tíorṫaiḃ a ḃfad ṫar sáile, le dul ó anál marḃṫaċ bréan an éin ṁóir sin, fillfiḋ siad arís, agus cóṁnóċaiḋ siad go socair sásta ameasg a gcáirde agus a ngaoil. Agus tiucfaiḋ árd-ṁeanma agus meisneaċ mór ar ais arís ameasg na ndaoine, agus tuigfiḋ arís na daoine nár ṫuig, agus léiġfiḋ arís na daoine nár léiġ, agus sgríoḃfaiḋ na daoine nár sgríoḃ, agus déanfaiḋ gníoṁarṫa na daoine naċ ndearnaiḋ gníoṁ riaṁ, oibreóċaiḋ na daoine nár oibriġ, planndóċaiḋ na daoine nar ṗlanndaiġ, fásfaiḋ na daoine nár ḟás, meaḃróċaiḋ na daoine nár ṁeaḃraiġ, cuiṁneóċaiḋ na daoine do ḋearmad, agus na daoine do ḃí ag gol béiḋ siad ag gáire, na daoine ḃí na dtost cuirfiḋ siad liúġ asta. Seasfaiḋ muinntir na tíre seó arís gan slaḃra ar ċorp ná ar anam, ċoṁ saor agus ḃíodar ariaṁ, i láṫair Dé agus na ndaoine. Agus ní fada uainn an t-am sin, ‘Is goirid go ḃfillfiḋ an Ḟiann.’