Ḃí Seáġan go foluiġṫeaċ ’gá ullaṁúġaḋ féin ⁊ ní raiḃ na Sasanaiġ ’na gcodla. Ḃíodar ag caḃɼúġaḋ le h-Ó Dóṁnaill i gan ḟios, ⁊ ’gá ġriosaḋ i gcoinniḃ Ṡeáġan. Aoḋ do b’ainm de’n Ó Dóṁnaill do ḃí anois ar Ṫír Ċonaill, mar cailleaḋ Calḃaċ le déiḋeannaiġe. Níor ḃ’ḟuláir do’n triaṫ nuaḋ so éaċt éigin do ḋéanaḋ i dtosaċ a riaġla, mar ba ġnáṫaċ le gaċ flaiṫ an uair úd. Ḃris Aoḋ isteaċ go Tír Eóġain ar órdúġaḋ na Sasanaċ ⁊ do ċreaċ sé an taoḃ ṫiar ṫuaiḋ di. Do ḋuiḃ ⁊ do ḋearg ag Seáġan-An-Díomuis. Dar claiḋeaṁ gaisge Néill Naoi nGiallaiġ, díolfaiḋ Ó Dóṁnaill as an gcosgairt seo!
Do ċífá troiġṫeaċa ⁊ marcaiġ ag triall as gáċ áird fá ḋéin tíġe ṁóir Ḃeinnboirb roiṁ eirġe gréine i dtosaċ na Bealtaine ins an mbliaḋain 1567. Ċrom na coin ṁóra ar uaill le teasbaċ ar ṫeaċt na sluaġ, ⁊ ag lútáil ⁊ ag croṫaḋ a n-earball, mar do ṡíleadar go mbiaḋ seilg aca mar ba ġnáṫaċ. Riṫ an fiaḋ ruaḋ ⁊ an mactíre i ḃfolaċ ins na coilltiḃ mór-dtimċeall mar ṡíleadar soin leis le tuigsint an ainṁíḋe go raḃṫas ar a dtóir.
Ní raiḃ dúil i sealg ag Ó Néill an cor so, mar ḃí deaḃaḋ air ċum Ó Dóṁnaill do ṫraoċaḋ, ⁊ do ḃuail sé féin ⁊ a ṡlóigeaċd trí ṁíle fear siar ó ṫuaiḋ. Déarfaḋ daoine pisreógaċa go raiḃ na cága ag sgréaċaiġ ós cionn tíġe Ṡeáġain-An-Díomais an ṁaidean so, ⁊ nár ċualaiḋ sé ceól na cuaiċe ná píobaireaċt an loin duiḃ indiu.
‘Náċ dán iad na Tír Ċonailliġ seo, ⁊ náċ mór an truaġ ḋóiḃ ḃeiṫ ’gá gcur a slíġe a marḃṫa,’ ar seisean, nuair do ċonnaic sé Ó Dóṁnaill ⁊ a ḃuiḋean ḃeag suiḋte ar Árd an Ġáire ar an dtaoḃ ṫuaiḋ d’inḃear Súiliġ i nDún na nGall.
Ḃí an taoide tráiġte as an inḃear ⁊ do ṡíliḋ Ó Néill gur gainiṁ ṫirm do ḃí ann i gcóṁnuiḋe. Níor ṁar sin do Ó Dóṁnaill. Ḃí aiṫne ṁaiṫ aigesean ar an áit úd, ⁊ do ṫoġaiḋ sé í i gcóṁair é féin ⁊ a ċuid fear do ċosaint ar Ó Néill, mar eirġeann an taoide go tiuġ ⁊ go h-obann annsúd.
Agus féaċ i n-aċrann le ċéile an slioċt do ṫáinig ó ḃeirt ṁac Néill Naoi nGiallaiġ―na Tír Ċonailliġ ó Ċonall Gulban, ⁊ na Tír Eóġainiġ ó Eóġan, é siúd do ḃris a ċroiḋe le brón i ndiaiḋ Ċonaill nuair do marḃuiġeaḋ an curaḋ soin.
Deirṫear náċ raiḃ aon ḟonn bruiġne ar Ó Néill nuair do ċonnaic sé an sluaġ beag do ḃí ag Ó Dóṁnaill ’na ċonniḃ, ⁊ gur ḃ’ḟeárr leis dá ngéillfidís, aċt mar sin féin do ḃeartuiġ sé a ċuid fear go cruinn ⁊ do stiúraiḋ sé ’na ndreamaiḃ ⁊ ’na ndíormaiḃ tarsna an ċuais fairrge iad. Ṫug Ó Dóṁnaill foġa feargaċ fá’n gcéad ċuid do ṡroiċ anonn ⁊ do ḃris sé iad. Muna raiḃ mórán fear aige, cait fiaḋaiġ do ḃ’eaḋ iad go léir. Rinne sé mar an gcéadna leis an darna cipe calma. ‘Caiṫfear iad do ċur as soin,’ arsa Ó Néill, ⁊ do ḃuail sé é féin ar ceann cor capall, aċt do ṗreab marcaiġ Uí Ḋóṁnaill amaċ as log air ’nós gála gaoiṫe, ⁊ d’á ḟeaḃas é Seáġan-An-Díomais is ar éigin do ḃí sé ’na ċumas cosg do ċur leó. D’ḟéaċ sé timċeall air. Ḃí cuid d’á ḋreamaiḃ measgṫa ṫré n-a ċéile ⁊ a ṫuilleaḋ aca sgarṫa ó n-a ċéile. Níor ṫuig Seáġan fáṫ an ṁearḃṫaill go ḃfeacaiḋ sé an taoide ag eirġe ⁊ sgeoin ag teaċt ar a ċuid fear, ⁊ Ó Doṁnaill le n-a ḃuiḋean laoċ ag cur orṫa go dian. Níor ṁeaṫ croiḋe Ṡeáġain ins an aṁgar úd, ⁊ do ċrom sé ar éirleaċ le n-a ṁarcaiġ go fiaḋain, ⁊ ar ḋul ar ċosanáirde annso ⁊ annsud ag glaoḋaċ ar a ċinnfeadna a gcuid fear do ċóiriúġaḋ. Do ġníḋ sé féin iarraċt ar an sluaġ do ḃailiúġaḋ leis i n-eagar ċóir, aċt ní raiḃ slíġe ċum casaḋ aca, ⁊ ḃí cuid aca go glúnaiḃ i n-uisge ⁊ an taoide ag róṁar timċeall orṫa. Fir ó lár tuaṫa do ḃ’eaḋ a ḃfurṁór. Ṫáinig sgeóin níos mó oɼṫa ⁊ ḃriseadar.
Báṫaḋ ⁊ marḃúiġeaḋ trí ċéad déag fear aca. Do b’é caṫ deireannaċ Ṡeáġain-An-Díomais é agus an tubaiste ba ṁó do ṫárluiġ riaṁ dó. An méid a ċuaiḋ treasna slán tar inḃear mílteaċ Súiliġ do ṫeiċeadar leo, agus do sgeinn a ḃflaiṫ suas cois na haḃann ag cuardaċ áṫa, agus dorn marcaċ leis. Do ṫeasbáin Tír Ċonallaċ d’ár ḃ’ainm Gallċaḃair aṫ ’san aḃainn dó ḋá ṁíle ó ṗáirc an ḃualaḋ agus do ṫug Seáġan Ó Néill a ċúl ar Ṫír Ċonaill, allus air, a ṫeanga agus a ċarbaill ċóṁ te, tirm, le sméaróid teine, agus cnap na sgórnaig le buaiḋirt aigne.
Ḃí Ó Dóṁnaill ⁊ a ṡár-ḟir go meiḋreaċ, ⁊ a dteinnte cnáṁ aca d’éis an ḃuaiḋ, aċt ní raiḃ ḟios aca go raḃadar ag déanaṁ oibre na Sasanaċ, obair do ṫeip ar na Gaill sin ar feaḋ ċúig ḃliaḋna déag roiṁe sin, giḋ gur ċailleadar na mílte fear ⁊ ḋá ṁilliún púnt ċuige.
Cad do ḋéanfaiḋ Ó Néill Ulaḋ anois? Deir leaḃar na Ceiṫre Ollaṁain go raiḃ sé éadtrom ’na ċeann tar éis bruiġne Áird an Ġáire, aċt ní ḟuil ’sa méid sin aċt cor cainte. Ḃí an curaḋ úd ró-aigeantaṁail ⁊ ró-láidir i gcroiḋe ⁊ a gcorp ċum cromaḋ ar ṗlubaiġeal agus ar ċneadaiġ i dtaoḃ briseaḋ aon ḃruiġne aṁáin. Ní raiḃ sé dá ḟiċead bliaḋan d’aois fós ⁊ ḃí misneaċ an leoṁain i gcoṁnuiċe aige. D’iarr cuid d’á oifigeaċa cogaiḋ air géilleaḋ do Ṡasana aċt níor ḃ’é sin intinn Ṡeáġain i n-aon ċor. Sgaoil sé Soṁairle Buiḋe do ḃí mar ċime aige le ḋá ḃliaḋain, ⁊ ċuir mar ṫeaċtaire go Cloinn Dóṁnaill i nAlbain é ag iarraiḋ conganta orṫa. Do ġealladar dó í, ⁊ ġníḋ sé féin ⁊ gárda marcaċ ionad coinne leo i mBunaḃann Duinne, i nAontruim. D’úṁluiġeadar go talaṁ dó ⁊ ġléasadar féasda i gcábán ḟairsing dó. Ṫáinig fear eile ar an láṫair leis, d’ár ḃ’ainm Pierce, braṫadóir ó Elíse do ċualaiḋ cad do ḃí ar siuḃal ag Seáġan. Ní ḟuil aon sgriḃínn le fáġail do ḋearḃuiġeann gur ṫug an captaen Pierce úd díol fola do na hAlbanaiġ, aċt tá aṁras géar ag gaċ úġdar air.
A Ṡeáġain-An-Díomais, tá do ġnó déanta.
Deir do náṁaide féin aṁain, go raiḃ do láṁ láidir mar sgáṫ i gcóṁnuiḋe ag an ḃfear lag, ⁊ náċ raiḃ gaduiḋe ’ná fear mí-riaġalta id’ ċeanntaraiḃ led’ linn. Deir siad, leis, gur ḃ’é do ġnáṫ gan suiḋe ċum bíḋ go mbiaḋ a sáiṫ de’n ḟeoil do b’ḟeárr, mar deirṫeá, ag boċtaiḃ Ċríosd, do ċruinniġeaḋ ar do ṫáirsig. Aċt tá deireaḋ led’ ḟéileaċt ⁊ led’ ġaisge láiṫreaċ, mar tá na hAlbanaiġ go cíocraċ ag cogarnaiġ le Captain Pierce ins an gcábán. Ní ċloisfir uaill de ċonairt agus ní leanfair an fiaḋ ruaḋ ṫre coilltiḃ cnó na Triúċa go deó arís. Ní ċloisfiḋ sluaiġte Ṫír Eóġain do ġáircaṫa níos mó, mar tá fiċe Albanaċ ar do cúl a gan ḟios duit ⁊ Pierce d’á ngriogaḋ gur ṁarḃuiġis a n-aiṫreaċa i mbruiġin Ġleanna taise. Preab id’ ṡuiḋe ó’n mbórd soin a Ṡeáġain-An-Díomais ⁊ féaċ dia ṫiar díot mar tá an tsleaġ i ngiorraċt órlaiġ ded’ ḋrom leaṫan.
Agus liúġann an coirrliún amuiċ ar Ṡruṫ na Maoile, ⁊ briseann na tonna bána ar an dtráiġ le fuaim cois Bunaḃann Duinne, ⁊ teasbánann na daoine annsud carn cloċ i log mar a ḃfuil Seáġan-An-Díomais ’na ċodla le breis agus trí ċéad bliaḋan.
‘Seaċt mbliaḋna Seasccatt cúic céd
Míle bliaḋain is ní brécc,
Co bás tSeaáin mic mic Cuinn
Ó ṫoiḋeċt Criost hi ccolainn.’
Ṫóg Pierce leis an ceann do b’áilne i nÉirinn ⁊ baineaḋ an t-éadaċ daor de ċorp díċeannta Uí Néill. Fuair Pierce a ṁíle púnt mar ḋíol ar an gceann ó’n mbainrioġain, ⁊ buaileaḋ an ceann caiṫiseaċ úd ar ḃiorr ar an rinn do b’áirde ar ċaisleán Ḃaile-Áta-Cliaṫ.
CRÍOĊ.