Amaċ leat ar ḃárr Tulaiġóig, a Ṡeáġain an Díomais! Tá an leac ríoġaċda ann ag feiṫeaṁ leat led’ ċois deis do ḃualaḋ uirṫe mar ġníḋeaḋ do ṡinnsear ríġṫe róṁat! Agus do ṡeasaiṁ Seáġan Ó Néill ar Ṫulaċóg, agus do síneaḋ slat ḃán ḋíreaċ ċuige mar ċóṁarṫa coṫraim cirt d’á ṫreiḃ; buaileaḋ clóca gréasda ar a ṡlinneánaiḃ cumasaċa ⁊ caṫḃárr ar a ċeann. Caiṫeaḋ slipéid a ċoise siar ṫar a ġualainn. Casaḋ míle claiḋeaṁ ós cionn ceann ⁊ dúisíġeaḋ mac alla na gceanntar le fuaim-ġlór míle sgornaċ―‘Ó Néill abú! Go mairiḋ ár ḃFlaiṫ a ṫoġa!’ Do ṫaiṫniṁ an ġrian ar ċeannaiġṫe ḋaṫaṁail, luisneaṁail Uí Néill, ⁊ do ċuir coin ṁóra ar iallaiḃ aṁastraċ asda fé mar ċualadar ualfartaiġ an ṁactíre ’sa ċoill ⁊ géim na h-eilite ar an gcnoc.

‘Do b’onóiriġe liom ḃeiṫ am’ “Ó Néill Ulaḋ” ’ná am’ rí ar Spáinn,’ arsa Aoḋ Ṫír Eóġain tamall maiṫ ’na ḋiaiḋ súd. ‘Is mó le h-Ultaiġ an ainm “Ó Néill” ’ná “Caesar” le Róṁánaiġ’ ars an sgriosdóir Mountjoy.