Ins an mbliaḋain ’na ḋiaiḋ súd (.i. 1563) do ċrom Sussex ar ċur isteaċ ar Ṡeáġan ⁊ ar uisge fá ṫalaṁ do ḋéanaḋ idir é féin ⁊ Elís. Do ċaḃruiġ sean-náṁaide Ṡeáġain, na Tír-Ċonailliġ ⁊ Albanaiġ Aontruim, le Sussex, ⁊ do ġluais seisean ó ṫuaiḋ go h-Ulaḋ ins an Abrán 1563, aċt má ġluais do ġníḋ Seáġan liaṫróiḋ coise ḋe féin ⁊ d’á ṡluaġ, ⁊ ḃí Sussex an-ḃuiḋeaċ go raiḃ sé ’na ċumas teiċeaḋ le n-anam. Sgríoḃ Elís ċum Sussex síoṫċáin do ḋéanaḋ le Seáġan, mar náċ raiḃ aon ṁaiṫ dó ḃeiṫ leis. Do ġníḋ Sussex rud ar Elís, ⁊ ar an am gcéadna ċuir sé féirín síoṫċána ċum Seáġain―ualaċ fíona measguiġṫe le niṁ. D’ól Seáġan ⁊ a linn-tíġe cuid de’n ḟíon ⁊ d’ḟóbair go mbéaḋ sé ’na ṗleist. Ḃí sé ag cóṁraċ leis an mbás ar feaḋ ḋá lá, ⁊ nuair do ṫáinig sé ċuige féin níor ḃ’iongnaḋ go raiḃ sé ar dearg-lasaḋ le feirg ⁊ gur ġléas sé a ḃuiḋean ċum cogaiḋ. Leig Elís uirṫe go raiḃ sí ar buile i dtaoḃ an ḟeíll-ḃeart úd ⁊ do ġeall sí go dtaḃarfaḋ sí ceart dó aċt a ṡuaiṁneas do ġlacaḋ. Do ġlaoḋaiḋ sí aḃaile ar Sussex. Leig sí uirṫe gur mar ṡásaṁ do Ṡeáġan é, aċt do b’é an ċúis do ḃí aici ar Sussex gur ṁeaṫ sé. Do ṡnaiḋm sí síoṫċáin ⁊ caradas mar ḋ’eaḋ le Seáġan arís, ⁊ ḃí sé ’na ríġ dáiríriḃ ar Ulaḋ anois ⁊ leigeaḋ dó. Aċt mar sin féin ḃí a ḟuaṫ do’n Ġall ċóṁ géar ⁊ ḃí sé riaṁ. D’á ċóṁarṫa soin ċúm sé caisleán ar bruaċ Loċa n-Eċaċ. Fear tagarṫa do b’eaḋ é ⁊ ċeap sé gur ḃeag ar na Sasanaiġ raḋarc an ċaisleáin sin ⁊ do ḃaist sé air ‘Fuaṫ na nGall.’ Deirṫear gur ċeap sé an uair seo ríoġaċt na h-Éireann do ġaḃáil ċuige féin, ⁊ na Sasanaiġ do ġlanaḋ amaċ aisde. Aċt níor ċaḃruiġ na h-Éireannaiġ leis. Do sgríoḃ sé ċum riġ na Fraince ag iarraiḋ congnaiṁ air. ‘Má ṫugann tu ḋom sé ṁíle fear ar iasaċt,’ ar seisean, ‘tomáinfead na Sasaniġ as an dtír seo isteaċ ’sa ḃfairrge.’ Do ġeoḃaḋ sé a ḋeiċ n-oireaḋ soin i n-Éirinn féin d’a mb’áil leó eirġe leis, aċt níor ċorruiġeadar cos.