Níor ḃ’iongnaḋ go raiḃ siosmarnaiġ i dTír Eóġain ar ṫeaċt ar n-ais do’n Iarla nuaḋ, ⁊ cogarnaċ ⁊ croṫaḋ ceann ⁊ láiṁseáil claiḋeaṁ go bagarṫaċ aḃus ⁊ ṫall. ‘Is é an Conn so an ċéad Ó Néill do ċrom a ġlún ċum ríġ iasaċta,’ ar siadsan, ⁊ ṫugadar súil ar Ṡeáġan, aosánaċ Ċuinn. ‘Tá aḋḃar ríġ ann,’ aduḃradar le ċéile; ‘fan go ḃfásaiḋ sé. Féaċ an ġruaig ḟada, ḟáinneaċ, ḟionn soin air, ⁊ an dá ṡúil lasṁara ġlasa soin aige. Tá sé ag borraḋ do tiuġ. Tá breis ⁊ sé troiġṫe ar áirde ann ċeana féin. Féaċ go cruinn air, náċ leaṫan-ġuailneaċ fuinnte fearsadaċ atá sé, ċóṁ díreaċ le sleiġ, ċóṁ lúṫṁar le fiaḋ, ċóṁ dán le tarḃ tána. Beiḋ Seáġan mar ḟlaiṫ orainn ⁊ caiṫfiḋ Iarla nuaḋ an oċtṁaḋ Hanrí greadaḋ leis.’

Ċualaiḋ Conn Ó Néill an ċogarnaċ ⁊ do ġoill sí air. Ċualaiḋ sé fir ag caint le ċéile ⁊ faoḃar ’na raḋarc. ‘Is annsa leis an mac toġarṫa, Matú an Feardorċa, ’ná Seáġan a ṁac dlistineaċ féin do ṫug a ḃean-tiġearna ḋó, an ḃean is uaisle i n-Éirinn leis.’ Do b’í máṫair Ṡeáġain inġean an Ġearaltaiġ, Iarla Ċille Dara, an fear ba ċúṁaċtaiġe i n-Éirinn.

D’iarr an t-oċtṁaḋ Hanrí ar Ċonn a oiġre d’ainmniúġaḋ. ‘Matú,’ ar Conn, ⁊ rinneaḋ Barún Ḋúngeanainn de Ṁatú láiṫreaċ. ‘Caiṫfead-sa mo ċeart d’ḟáġail,’ adeir Seáġan. Ċonnaic Conn Ó Néill an lasair i ṡúlaiḃ a ṁic. Ċonnaic sé an ġruaim ar an dtreiḃ. ‘Beiḋ Seáġan mar oiġre orm,’ adeir sé fá ḋeireaḋ, tar éis mórán taḟaint. D’iarr Matú caḃair ar Ṡasana ⁊ fuair sé í gan moill mar ba ṁaiṫ leis na Gallaiḃ an leaṫsgéal ċum muintir Néill do ċur ar céasaiḃ a ċéile. Cuireaḋ fios láiṫreaċ ar Ċonn Ó Néill i gcóṁar sásaiṁ do ḃaint de i dtaoḃ Ṁatú do ḋí-láṫairuġaḋ, aċt ní raċaḋ sé siar ar a ġeallaṁaint do Ṡeáġan ⁊ buaileaḋ fá ġlas i mBaile-Aṫa-Cliaṫ é.