Do ḃlaḋm Seáġan an Díomais suas ⁊ ġlaoḋaiḋ sé ar a ṁuintir eirġe amaċ, le n’ aṫair d’ḟuasglaḋ. Níor ḃ’ḟeárr leis na Sasanaiġ gnó ḃí aca. Seólaḋ sluaġ ó ṫuaiḋ go cúige Ulaḋ i gcóṁair smaiċt do ċur ar an ḃfear óg ḃaoṫ so, aċt do ṫáinig seisean aniar orṫa go h-obann, do ġaḃ sé ṫríoṫa, ⁊ ḃíodar ag baint na sála ḋ’á ċéile ag teiċeaḋ uaiḋ. Do gléasaḋ sluaġ eile ar an mbliaḋain do ḃí ċúgainn (1522), aċt do ṫiomáin Seáġan roimis iad ’nós sgata gaḃar. Ḃí fear i n-aġaiḋ na Sasanaċ an cor so. Sgaoileaḋ Conn Ó Néill le tí síoṫċána do ḋéanaḋ aċt ba ḃeag an ṁaiṫeas é. Do ḃlais Seáġan an Díomais fuil.
‘Caiṫfear an fear mórḋálaċ borb so do ċosg,’ arsan fear-ionad ó Ṡasana, ⁊ do ċóiriġ ⁊ do ġléas sé slóiġeaċd láidir. Ḃí a gcuaird ó ṫuaiḋ i n-aisdear mar do ḃuaileaḋ Seáġan leo ’sa n-áit náċ raiḃ coinne leis, ḃaineaḋ sé geit asda, ḃaineaḋ sé gé asda, ⁊ ḋruideaḋ se leis go dán, míoċuíḃeasaċ.
Ḃailiġ Matú dream de’n treiḃ, mar do lean cuid aca fá na ḃrat-san, ⁊ do ġluais sé ċum caḃruġaḋ leis na Gallaiḃ, aċt d’éaluig Seáġan ’na ṫreó i lár na h-oiḋċe ⁊ do ċis sé ar Ṁatú go tapaiḋ. ‘Déanfam daingean i mBéalfeirsde ċum a smaċtuiġṫe,’ adeir an ridire Uilliam Brabason. Ḃris Seáġan isteaċ orṫa ins an dún neaṁ-ċríoċnuiġṫe úd ⁊ do ṁill sé a ḃfurṁór. Ḃris sé ar an gcuma gcéadna isteaċ ar ḋream eile do luċt conganta Ḃrabason cois Doire ⁊ do sgaip sé iad. Níor ḃ’iongnaḋ gur ṫáinig eagla ar na Sasanaċaiḃ ⁊ gur sgeinneadar leó ar n-ais go Baile-Aṫa-Cliaṫ.
Leigeaḋ dó ar feaḋ ċeiṫre mbliaḋan ’na ḋiaiḋ súd (1554-8), aċt ní raiḃ aon ḟonn suaiṁnis ar Seáġan an Díomais. Ċúiṁniġ sé gur le n-a ṡinnsear cúige Ulaḋ. Bíoḋ an láṁ láidir in n-uaċdair, adeir sé leis féin. Ḃéaḋ sé riaċtanaċ ar na taoisiġ eile géilleaḋ ḋó. Dá mbéaḋ sé ċóṁ glic le h-Aoḋ Ó Néill do ḋéanfaḋ sé ceangal ⁊ caradas leis na taoiseaċaiḃ borba úd i n-ionad do ċur d’ḟiaċaiḃ orṫa géilleaḋ ḋó.
Duḃairt Ó Riaġallaiġ, iarla nuaḋ Ḃrefini, leis náċ géillfeaḋ sé féin i n-aon ċor dó, aċt léim an fear teinntraċ ṫríd, ⁊ do b’éigean do mac Uí Riaġallaiġ ḃeiṫ uṁal dó feasda. Níor ṁar sin de Ó Doṁnaill i dTír Ċonaill. Ní mó ’na ġéill an Ċlann Dóṁnaill ó Albainn d’áitiġ na gleannta cois fairrge i n-Aontruim, aċt ṫug Seáġan aġaiḋ orṫa go léir idir Ġaeḋil ⁊ Gaill. Níor eiriġ leis go maiṫ ins an iarraċt do ġníḋ sé ċum clanna cruaḋa Ṫír Ċonaill do ṫaḃairt fá na riaġail, mar ṗreab Calḃaċ Ó Dóṁnaill i gan ḟios air ’na ċábán ist oíḋċe ag Baile-Aġaiḋ-Ċaoin ⁊ ba ḃeag nár ṁill sé Seáġan. Do ṫuit a lán d’á ċuid fear ins an ruagaḋ obann úd, ⁊ do ċaill sé airm ⁊ capaill, ⁊ ’na measg a eaċ cíorḋuḃ féin. Do b’é an t-eaċ cogaiḋ úd an capall ba ḃreaġḋa i n-Éirinn. Mac-An-Ḟiolair do tugṫaoi uirṫe. Fuair Seáġan ar n-ais arís í. Níor ċuir an bac úd cosg aḃfad leis an ḃfear gcumasaċ ndán.
Do ṫuit Matú i ngrásgas éigin le cuid de ṁuintir Ṡeáġain ins an mbliaḋain 1558, ⁊ do ġniḋ na Sasanaiġ iarraċt ar an gcoir do ċur i leiṫ Ṡeáġain féin aċt duḃairt sé náċ raiḃ aon ḃaint aige le bás Ṁatú ⁊ go gcaiṫfidís ḃeiṫ sásta leis an ḃfreagra soin. Fuair Conn Ó Néill bás ar an mbliaḋain do ḃí ċúgainn. ‘Tá an bóṫar réiḋ do Ṡeáġan anois,’ adeir an treiḃ; ‘ní ḃeiḋ iarla mar ċeann orainn a ṫuilleaḋ.’