Ní ḟeacaiḋ Inis Fáil lá suaiṁnis riaṁ ó ġaḃ seólta na Normánaċ i gcuan ar ‘Tráiġ an Ḃainḃ’ le Diarmaid na nGall ins an mbliaḋain 1169. Ṫáinig na Normánaiġ go Sasana ó’n ḃFrainc céad bliaḋan roiṁ an am soin, fá stiúrúġaḋ Liaim Buaḋṫaiġ, ⁊ do sgaipeadar na Sasanaiġ i n-aon ḃruiġin aṁáin. Ḃí na Sasanaiġ fá ċois gan ṁoill ⁊ Normánaċ ’na riġ ⁊ ’na ḃuanna orṫa feasda. Níor ba ḋala soin d’Éirinn. Ó’n rí sin an dara Hanrí go dtí an t-oċtṁaḋ Hanrí ḃí riġṫe Ṡasana ’na ‘dtiġearnaiḃ’ ar Éirinn. Ní raiḃ sé i misneaċ aon rí aca Rí Éireann do ġlaoḋaḋ air féin gur ċeap an t-oċtṁaḋ Hanrí gur ċóir dó féin ḃeiṫ ’na rí dáiríriḃ ar Éireannaiġ.
Ar an aḋḃar soin ċuir sé gairm sgoile amaċ go raiḃ sé riaċtanaċ ar ṫaoiseaċaiḃ móra Éireann cruinniúġaḋ ar aon láṫair go mbronnfaḋ sé tiodail ⁊ talaṁ orṫa.
Do b’é nós na dtaoiseaċ soin go dtí súd ḃeiṫ ’na gcinn ar an dtreiḃ ⁊ sloinneaḋ a dtreiḃe féin do ṫógḃáil. Ḃí Ó Briain mar ċeann ar Muintir Ḃriain, Ó Néill mar ċeann ar Ṁuintir Néill, ⁊ mar sin dóiḃ. Cuirfiḋ an t-oċtṁaḋ Hanrí deireaḋ leis an nós soin feasda, ⁊ d’á réir sin ċuireann sé fógra ag triall ar árd-ṫaoiseaċaiḃ Éireann náċ ḃfuil uaiḋ aċt síoṫċáin do ḋéanaḋ leó, ⁊ go ndéanfaiḋ sé tiġearnaí móra ḋíoḃ, ⁊ go mbronnfaiḋ sé talaṁ na treiḃe orṫa aċt géilleaḋ ḋó. Do ṁaċtnuiġ na taoisiġ. Do réir nós na h-Éireann an uair sin níorḃ’ leis an dtaoiseaċ talaṁ na treiḃe, aċt leó féin ⁊ leisean i dteannta ċéile. Ḃí seisean mar ċeann orṫa mar d’árduiġeadar féin é ar ċoinġeall go dtaḃarfaḋ sé ceart dóiḃ. Ar an aḋḃar soin ḃíodar saor ⁊ ní leóṁfaḋ an taoiseaċ a gcuid talṁan do ḃaint díoḃ mar ḃí an oiread cirt aca féin ċum na talṁan soin ⁊ ḃí aigesean.
Aċt féaċ an dlíġe seo do ċeap an t-oċtṁaḋ Hanrí ⁊ a ṁinistéir glic Wolsey. Ḃeaḋ an taoiseaċ feasda mar ṁáiġistir ar gaċ treiḃ i n-ionad ḃeiṫ mar do ḃí sé go dtí so ’na uaċdarán orṫa. Níor ṫaiṫniġ an gnó i n-aon ċor leis an dtreiḃ, aċt do réiḋtiġ sé go dian ṁaiṫ leis na taoiseaċaiḃ, ⁊ do smuainiḋ gaċ ceann aca ar a ṡon féin go raiḃ sé ⁊ a dtáinig roimis tnáite, tuirseaċ le cóṁrac i n-aġaiḋ na Sasanaċ, ⁊ gur ṁiṫid cosg do ċur leis an imreas.
D’á ċionn soin léiġmíd gur ṫriall taoisiġ móra na h-Éireann anonn go Lúnduin ċum Hanrí ins an mbliaḋain 1541, ⁊ ’na measg Conn Ó Néill; ⁊ go raiḃ an rí go fial, fáilteaċ, urraimeaċ leó, ⁊ go ndeárnaiḋ sé iarlaí ⁊ tiġearnaí díoḃ do réir a gcéim ’sa tsaoġal.
Ba ṫubaisteaċ an turus é mar do ḋeaġail sé gaċ treiḃ i n-Éirinn ó’n nós do ḃí aca leis na ciantaiḃ―sé sin flaiṫ do ḋéanaḋ dóiḃ féin as an dtreiḃ gan spleáḋċas do riġ Ṡasana. Caiṫfid siad feasda úṁalúġaḋ do’n Iarla nuaḋ so do ċúm an rí ḋóiḃ, ⁊ muna mbeiḋ siad úṁal dó cuirfear saiġdiúirí Ṡasana ċum caḃruiġṫe leis an Iarla nuaḋ i gċóṁair smaċt do ċur ar an dtreiḃ ndán. Ní fuláir do’n Iarla nuaḋ leis aire ṫaḃairt dó féin nó árdóċaiḋ Sasana Iarla eile ’na ionad a ḃeiḋ úṁal ⁊ muintearḋa do’n riaġaltas.