Cailleaḋ Máire, bainrioġain Ṡasana fá’n am so, ⁊ ḃí Elís ’na h-ionad. Do b’í an ḃean ṁí-ḃeanaṁail seo an ċroiḋe ċloiċe ⁊ na sgartaċa práis an ḃean ba ṁó inntleaċt le n-a linn. Do ċrom sí féin ⁊ a riaġaltas láiṫreaċ ar ċur isteaċ ar Ṡeáġan. Sydney do b’ainm d’á fear-ionad i n-Éireann. Ġluais sé ó ṫuaiḋ go Dúndealgain ⁊ ċuir fógra ċum Seáġain teaċt ’na ġaor. Níor leig Seáġan air gur ċualaiḋ sé an fógra aċt ċuir sé cuireaḋ ċum Sydney teaċt ċum a ṫíġe ⁊ ḃeiṫ ’na aṫair baistiḋe d’á ṁac óg. Níor ḋiúltaiġ an fear-ionad dó ⁊ do ṡeasaiṁ sé leis an mac. ‘Táim-se am’ Ó Néill i n-Ulaḋ le toil na treiḃe seo,’ arsa Seáġan. ‘Ní ṫeasduiġeann uaim cóṁrac le Sasana má leigṫear dom, aċt má cuirṫear orm, bíoḋ oraiḃ féin.’ Ḃí Sydney sásta leis sin ⁊ ḃí síoṫċáin ar feaḋ tamaill i n-Ulaḋ gur ṫáinig Sussex ’na ḟear-ionad go h-Éirinn. ‘Ní ḃéad am’ ṡuaiṁneas,’ adeir sé, ‘go mbeiḋ Ó Néill fá ċois,’ ⁊ do ġléas ⁊ do ċóiriġ sluaġ le h-aġaiḋ an ġnóṫa. Fear fealltaċ, borb, glic, do b’eaḋ Sussex so aċt ní raiḃ sé ċóṁ géar-inntineaċ le Sydney. Do ċabruiġ Calḃaċ Ó Doṁnaill leis, ⁊ mar an gcéadna clann Doṁnaill na hAlbann, i nAontruim. Do ġearán Seáġan-an-Díomais go raḃṫas ag cur air gan ċúis. Ḃí a ċúige ag dul ċum cinn i maoin ⁊ i maiṫeas. Tagaḋ teaċtaire Elíse ⁊ féaċaḋ sé. Níor ċuir Elís suim ’na ċuid cainte aċt leig sí d’á fear-ionad gluaiseaċt ó ṫuaiḋ go h-Ard-Maċa ins an mbliaḋain 1561.

Ṗreab Seáġan go h-obann isteaċ go Tír Ċonaill sul a raiḃ coinne leis ⁊ do sgiob sé leis sean Ċalḃaċ Ó Dóṁnaill ⁊ a ḃean óg, an ḃean úd d’ḟág an smál ar a ainm. Do ċuir an cleas cogaiḋ obann soin mearḃṫall ar na Tír Ċonailliġ ⁊ do ṫoċuis Sussex a ċeann le cangcar. Ċas Seáġan ó ḋeas fá mar do ḃéaḋ sé ar tí iarraiċt do ṫaḃairt fá Ḃaile-Aṫa-Cliaṫ. Bí Mac-An-Ḟiolair fá ⁊ níor ḃ’ionntaoiḃ Seáġan ar muin an éiċ sin ar ċeann dreama dísgireaċ d’Ultaċaiḃ. Níor ṫuig Sussex cad é an fuadar do ḃí fá Ṡeáġan. Fá ḋeireaḋ do ṡíliḋ sé go raiḃ Seáġan ’na ġlaice aige ⁊ do ḃeartuiġ sé innil dó. Do ḋruid sé míle fear isteaċ go Tír Eóġain ag creaċa ⁊ ag cosgairt, ⁊ d’ḟan sé féin cois Áird-Maċa ag feiṫeaṁ le Seáġan. Ḃailiġ an míle fear na céadta ba dúḃa, na caoiriġ bána, ⁊ na capaill, ⁊ do ġluaiseadar ar n-ais go buacaċ. ‘Féaċ Mac-An-Ḟiolair,’ arsa duine éigin, ‘tá Seáġan an Díomais ċúgaiḃ!’ Ní raiḃ le Seáġan ar an láṫair úd aċt céad ⁊ fiċe marcaċ ⁊ ḋá ċéad coisiḋṫe, aċt gaisgiḋiġ blosgbéimeaċa do b’eaḋ iad. Ḃí cinn ⁊ cosa ’na gcárnánaiḃ ar an maċaire úd fá ċeann uaire an ċloig, ⁊ an fuiġleaċ beag créaċda, stollṫa, ag sgeinneaḋ go hÁrdmaċa, na biailiḃ faoḃraċa d’á n-gearraḋ ⁊ d’á n-éirleaċ, ⁊ an gáir-caṫa uaṁnaċ úd―‘Láṁ dearg abú!’ ’na gcluasaiḃ. Innseann Sussex féin le cráḋ croiḋe an raon-maḋma do cuireád air.―‘Ní raiḃ sé i misneaċ aon Éireannaiġ riaṁ fós seasaṁ am’ aġaiḋ-se, aċt féaċ indiu Ó Néill seo ⁊ gan aige aċt a leaṫ n-oiread fear liom, ag brúċtaḋ isteaċ ar mo arm breáġ ar ṁaċaire réiḋ leaṫan. Do ġuiḋfinn ċum Dé faill d’ḟáġail air ’na leiṫéid d’áit gan coill i ngiorraċt trí míle ḋó le sgáṫ do ṫaḃairt d’á ċuid fear. Mo náire é, d’ḟóbair ná fágfaḋ sé aiṫid dom’ arm beó i n-uair an ċloig, ⁊ is beag nár strac sé mé féin ⁊ an ċuid eile amaċ leis as daingean Áirdmaċa.’

Ní ċromfaḋ Sussex ar Ṫír Eoġain do ċreaċaḋ go fóil arís. Ċuir an brisleaċ úd sgannraḋ orṫa i Lúnduin ⁊ d’iarr Elís ar Iarla Ċilledara, bráṫair Ṡeáġain an Díomais, sióṫċáin do ḋeánaḋ. Ċuir sí teaċtaireaċt maiṫeaṁnais ċum Seáġain ⁊ cuireaḋ ċuige teaċt go Lúnduin le laḃairt léi. ‘Ní ċorróċad cos,’ adeir Seáġan, ‘go dtugaiḋ arm Ṡasana a mbóṫar orṫa as Ulaḋ.’ ‘Bíoḋ mar sin,’ aduḃairt Elís.

Nuair do ṁeaṫ Sussex ċeap sé a ċleas feíll do ċur i ḃfeiḋm. Tá a sgríḃínn féin ċum Elíse mar ḟiaḋnaise ar an ḃfeall. I mí na Lúġnasa 1561, sgríoḃann sé ċum na bainrioġna sin gur ṫairig sé luaċ céad marc ’sa mbliaḋain de ṫalaṁ do Niall Liaṫ, maortíġe Uí Néill, ar ċoinġeall go muirḃeóċaḋ sé an flaiṫ sin. ‘Do ṁúineas dó cionnus d’éalóċaḋ sé leis tar éis na bearta,’ adeir sé. Ní fios dúinn an raiḃ Niall Liaṫ dáiríriḃ, aċt gibé sgéal é ní ċloistear gur ġníḋ sé iarraċt ar Ṡeáġan do ḋúnṁarḃuġaḋ.