Is iomḋa fear gaisgeaṁail do h-oileaḋ i n-Ulaḋ ó Ċoin Ċulainn anuas go dtí Seáġan an Díomais. I ḃfad ins na ciantaiḃ do rugaḋ ann Niall naoi nGiallaċ, rí cúṁaċtaċ do ḃí i dTeaṁair. Is minic do ṁoṫuiġ na Róṁánaiġ i mBreatain a ċosgairt siúd. I gceann d’á ṫurusaiḃ ṫug sé leis mar ċime buaċaill óg d’ár ḃ’ainm ’na ḋiaiḋ súd Pádruig. Do b’é an ċime úd an Tailgin gur innis na draoiṫe roim rae a ṫeaċt. Tá a ċlú, ⁊ a ċeannas go h-aibiḋ fós imeasg Gaeḋeal, aċt dála Néill naoi nGiallaiġ is beag naċ ḃfuil a ainm dearṁadta. Ar a ṡon soin ba ṁór le ráḋ an rí úd lá, ⁊ as a leasraċa d’ḟás an aicme ba ċumasaiġe ⁊ ba ċalma d’á raiḃ i nÉirinn le n-a línn féin, ’ná b’ḟéidir ar ḋruim an doṁain. Cuardaiġ stair na gcríoċ eile, féaċ imeasg aicmíḃ aḃus ⁊ ṫall ⁊ ní ḃfuiġfir fir d’aon ċineaḋ aṁáin do b’áilne dreaċ, do ba ċalma i ngleó, do ba ġléir-inntineaċ i gcóṁairle ’ná na sáir-ḟir do ṡíolraiḋ ar feaḋ na gcéadta bliaḋan as an ḃfréiṁ uasail sin Muintir Néill.
Fá mar do liúgann an ġaoṫ ṁór timċeall crainn daire i n’aonar ar lár maċaire, gan baint le n-a neart aċt aṁáin na duilleóga do sgiobaḋ ḋe ⁊ fo-ċeann d’á ġéagaiḃ do ḃriseaḋ le h-árd iarraċt, do ba ṁar sin do na Sasanaiġ ar feaḋ ċeiṫre ċéad bliaḋan d’á mbasgaḋ féin i gcoinniḃ na gcuraiḋe úd do ṫáinig ó Niall naoi nGiallaċ; ⁊ is é mo ṫuairim ná buaiḋfíḋe ċoiḋċe orṫa súd muna mbéaḋ gur eiriġeadar i n-aġaiḋ a ċéile.
Ní raiḃ fear ar an gcineaḋ ba ṁó cáil ’ná an Seáġan so do luaḋmuid. Éireannaċ ’na ḃallaiḃ do b’eaḋ é, ċoṁ maiṫ ’na loċtaiḃ ⁊ ’na ṫréiṫiḃ fearaṁla. Ní raiḃ sé ċóṁ glic i gcóṁairle ’ná ċóṁ géar-ċúiseaċ i gceist le h-Aoḋ Ó Néill d’ḟoġluimiḋ cleasaiṫeaċt riaġla i dtiġ Elíse, bainríoġain Ṡasana. Ní raiḃ bun-eólas cogaiḋ aige ċóṁ clisde le h-Eoġan Ruaḋ, aċt níor ṡáruiġ aon duine aca so é i ngaisge, i ngníoṁ, ’ná i ngráḋ d’á ṫír. Tá aon smál aṁáin ar a ainm. D’ḟoillsiġ na Sasanaiġ go soiléir an smál soin dúinn go h-áṫasaċ, mar ba ḃeag orṫa Seáġan Ó Néill. D’ḟuadaiġ sé bean Ċalḃaiġ Uí Ḋóṁnaill, deirḃṡiúr do Ṫiġearna na nOileán cois Albain, ⁊ is dóiċ le n-a lán úġdar gur éaluiġ sise leis la n-a toil féin. Is suaraċ náċ raiḃ sé ċóṁ h-olc leis na Sasanaiġ féin ar an gcuma sain, aċt aṁáin go n-adṁóċaḋ seisean a ḋroċ-ċleaċtaḋ mar níor ḃa fimineaċ é, aċt fear fírinneaċ ná ceilfeaḋ a ċáim.