Is fada liom oíċe ḟírḟliuċ gan suan, gan srann,
gan ceaṫra, gan maoin caoire ná buaiḃ na mbeann;
anfa ar toinn taoiḃ liom do ḃuair mo ċeann,
’s nár ċleaċtas im naíon fíogaiġ ná ruacain aḃann.

Dá maireaḋ an rí díonṁar ó ḃruaċ na Leaṁan
’s an ġasra do ḃí ag roinn leis lér ṫrua mo ċall
i gceannas na gcríoċ gcaoin gcluṫar gcuanaċ gcam,
go dealḃ i dtír Ḋuiḃneaċ níor ḃuan mo ċlann.

An Caraṫaċ groí fioċṁar lér fuaḋ an ṁeang
is Caraṫaċ Laoi i ndaoirse gan fuasclaḋ fann;
Caraṫaċ, rí Ċinn Toirc, in uaiġ ’s a ċlann,
’s is atuirse trím ċroí gan a dtuairisc ann.

Do ṡearg mo ċroí im ċlíteaċ, do ḃuair mo leann,
na seaḃaic nár fríṫ cinnte, agár ḋual an eang
ó Ċaiseal go Toinn Ċlíona ’s go Tuaṁain ṫall,
a mbailte ’s a dtír díṫċreaċta ag sluaġaiḃ Gall.

A ṫonnsa ṫíos is airde géim go hard,
meaḃair mo ċinnse cloíte ód ḃéiceaċ tá;
caḃair dá dtíoḋ arís ar Éirinn ḃán,
do ġlam naċ binn do ḋingfinn féin id ḃráid.