Múscail do ṁisneaċ,
A ċara go dlúṫ,
Ġeoḃaiḋ tú saoirse
A’s carcair go luaṫ:

Ġeoḃaiḋ tú fáilte
Mar fáilte roiṁ Riġ—
An laoċ do lean lorg
Na laoċra ba ġroiḋe;

Ġeoḃaiḋ tú árd-ġean
Ó Ġaeḋealaiḃ go buan,
Fíon a’s filiḋeaċt
Cuiṁne a’s clú.