Tá sé marḃ … O, ná smuain é
Gíḋ gur reubaḋ, fuaduiġeaḋ uainn é,
Tá sé imṫiġṫe; tá sé beó
Mar a ṁairfiḋ sé go deó.
Gíḋ go múċtar coinnle láiṫreaċ,
Gíḋ go ḃfuil an altóir duḃ,
Lasfar iad arís amáireaċ,
Tógfar fosta íobairt nuaḋ.
Anuraiḋ gearraḋ síos na Rósa
Dearg ‘nois an tír dá ḃflósa—
Stracaḋ téada cruit’ go léir,
Aċt éist! … Macalla ceóil ‘san aer!